Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

an Droighneán Donn

Síleann céad fear gur leo féin mé nuair a ólaim leann.
Ach théid a dhá dtrian síos díom nuair a smaoiním ar a gcomhrá liom.
Sneachta séite is é ag síorchur ar Shliabh Uí Fhloinn
is tá mo ghrá-sá mar bhláth na n-áirne ar an droighneán donn.

Fear gan chéill a bheadh ag dréim leis an chraobh 'ta ard
is an crann beag íeal le na thaobh sin ar a leagfadh sé lámh.
Cé gur ard é an crann caorthainn bí sé searbh os a bharr
is fásfaidh sméara is bláth sú craobh ar an chrann is ísle bláth.

Ní bean buclaí ná bean ribín a d'fhóirfeadh dom
ach gearrchaile gruama a bhí dána dubh.
Maighre na gcuirnín is í a thógfadh mo chroí.
Is tú mo chéadsearch agus ní féidir mo chumha a chloí.

Má thig tú choíche tar san oíche go cúl an tí
tráthnóna ná go moch ar maidin nuair a bheas an drúcht ina luí.
Cé nach labhrainn bím ag meabhradh go mór fá mo chroí.
Tá mé buartha fá mo mhuirnín agus ní náir liom é.

T:
C:
M:
K:
L: