It's
official – Irish is disappearing fast from many of its former
strongholds in the Gaeltacht. Donncha Ó hÉallaithe
presents previously unpublished* information in an analysis of the 1996
census returns
Uair na Cinniúna don Ghaeltacht
THART AR 21,000 duine fásta os cionn 19 bliain d’aois a labhrann
Gaeilge gach lá sa Ghaeltacht. Anuas air sin, is Gaeilgeoirí laethúla
thart ar 50,000 duine fásta eile taobh amuigh den Ghaeltacht.
Is le daoine fásta amháin a bhaineann an
cuntas seo a leanas, agus na léarscáileanna agus na táblaí a
ghabhann leis. Is figiúirí réadúla atá sa gcuntas, agus is ar
fhigiúirí réadúla is ceart gach plé a dhéanamh maidir le todhchaí
na Gaeltachta.
Má chuirtear gasúir scoile san áireamh,
cuirtear an scéal as a riocht, agus bíonn áibhéal ann. Is minic go
gcuirtear síos ar ghasúr scoile mar ‘chainteoir Gaeilge’, fiú
amháin muna labhrann sé í ach sa rang scoile.
Bíonn bearna idir na céadchodáin do dhaoine fásta
agus na cinn do ghasúir nuair a chuirtear san áireamh iad. Is mó an
difríocht sna ceantracha is laige Gaeilge. Mar shampla, ar an gCeathrú
Rua labhrann 89% den daonra faoi bhun 19 an Ghaeilge go laethúil,
agus labhrann 88% de na daoine fásta í.
Ach i mBéal a’ Mhuirthid labhrann 32% den
aoisghrúpa scoile í i gcomparáid le 7% den daonra fásta. Im
thuairimse, bheadh anailís bunaithe ar an daonra iomlán lochtach mar
go mbeadh an pictiúr sna ceantracha laga curtha as a riocht ag áireamh
na ngasúr scoile.
Is botún mór a bheadh ann staid na teanga a
mheas de réir na bhfigiúirí amháin, áfach. Cé nach labhrann ach
51% de phobal fásta Ráth Cairn an Ghaeilge go laethúil, mar shampla,
is cosúil gurb í atá in uachtar in imeachtaí an phobail – sna
scoileanna, san eaglais, san ionad pobail, sa chomharchumann, sa siopa.
Ar an taobh eile den scéal, deir 61% de na
daoine fásta in Árainn Mhóir go labhrann siad Gaeilge gach lá. Ach
is oileán é ina bhfuil an Béarla in uachtar sna searmanais eaglasta,
sna siopaí, sna tithe tábhairne agus sa scoil iarbhunoideachais nua.
Dá réir sin, níor cheart a rá go bhfuil an Ghaeilge níos láidre
in Árainn Mhór ná i Ráth Cairn.
Go deimhin, cuid de na Gaeltachtaí beaga ina
labhrann idir 40% agus 60% den phobal fásta Gaeilge go laethúil –
Cúil Aodha, Ráth Cairn agus An Rinn – is áiteanna iad ina bhfuil
an teanga réasúnta bríomhar go fóill.
Is de bharr síordhúthracht na gcinnirí pobail
atá an teanga á coinneáil beo sna Gaeltachtaí sin, in ainneoin bhrú
millteanach an Bhéarla ar gach taobh.
Na Breac-Ghaeltachtaí
NÍOR MHÓR scrúdú a dhéanamh ar na
ceantracha idir 20% agus 40% féachaint cén stádas atá ag an
nGaeilge sna hinstitiúidí pobail – na scoileanna, an eaglais,
imeachtaí pobail – le breithiúnas tomhaiste a thabhairt orthu.
I measc na gceantracha sin, tá Na Forbacha i
nGaillimh; Corrán Acla i Maigh Eo; Gleann Cholmcille agus Ros Goill i
dTír Chonaill; agus an Daingean i gCorca Dhuibhne.
Is cinnte nach ceantair Fíor-Ghaeltachta iad.
B’fhéidir go mba chóir go mbeadh rogha le déanamh ag na pobail
sin – agus a rá go soiléir, má roghnaíonn siad stádas
Gaeltachta, go mbeidh ar scoileanna an cheantair oideachas trí
Ghaeilge a chur ar fáil – muna bhfuil sé ar fáil ann cheana.
Ceantair dhátheangacha
Ar na ceantair idir 40% agus 60% tá Corr na Móna
i dtuaisceart na Gaillimhe; Angaire agus Teileann i dTír Chonaill;
agus Fionn Trá i gCorca Dhuibhne. Gaeltachtaí dhátheangacha iad ina
bhfuil líon suntasach Gaeilgeoirí laethúla, ach an Béarla in
uachtar sa phobal, den chuid is mó.
Gaeltachtaí faoi bhrú
Sna ceantracha idir 60% agus 80% tá an dhá
theanga á labhairt go coitianta. Seans gurb í an Ghaeilge atá in
uachtar sna cinn is airde acu ach gur mó seans gurb é an Béarla atá
in uachtar sna háiteanna atá gar don 60%. Seo ceantracha ar ghá cúram
ar leith a dhéanamh díobh le cinntiú nach n-athróidh an teanga
phobail iontu.
San áireamh anseo tá ceantar an Chnoic i
nGaillimh, Árainn Mhór i dTír Chonaill, agus cuid d’iardheisceart
Chorca Dhuibhne.
Níor mhór iniúchadh a dhéanamh orthu féachaint
cén úsáid a mbaintear as an nGaeilge sna scoileanna, in imeachtaí
pobail srl le fíorstaid na teanga a mheas. Níor chóir stádas Fíor-Ghaeltachta
a bhronnadh ach ar na ceantair a bhfuil an chosúlacht air go bhfuil
an Ghaeilge in uachtar iontu.
Gaeltachtaí láidre
Na ceantair a bhfuil os cionn 80% den daonra fásta
ina nGaeilgeoirí laethúla, is féidir a rá gan amhras ar bith go
bhfuil an Ghaeilge in uachtar iontu. Is iad seo a leanas na Gaeltachtaí
is láidre atá fágtha: Conamara ó Indreabhán siar chomh fada le
Carna; Bun Beag, Gaoth Dobhair, Gort an Choirce, Machaire an Chlochair
agus Dún Lúiche i dTír Chonaill; Dún Chaoin agus Cuas-An
Fheothanach i gCorca Dhuibhne.
Gá le pleanáil
Muna gcuirtear leagan amach nua ar an nGaeltacht,
ní féidir aon phleanáil teanga a dhéanamh ná rialacha a leagan síos
faoi na cleachtais teangan ba chóir a bheith ag forais stáit nó ag
comhlachtaí príobháideacha sna ceantracha sin.
Ach má fhágtar faoi pholaiteoirí an t-athbhreithniú
a dhéanamh, is beag dóchas go mbeidh na teorainneacha nua ag teacht
leis an bhfírinne – go mórmór agus an rialtas faoi chomaoin ag
Jackie Healy-Rae, Harry Blaney agus Tomás Mac Giolla Dé. Tá
ceantracha móra Gaeltachta (mar atá sí) i ndáilcheantair an triúir
TD seo. Bheadh cuid mhór de na ceantracha sin le gearradh amach dá
ndéanfaí athbhreithniú macánta.
Camchuairt na Gaeltachta
Gaillimh: An scéal
is suntasaí faoi Ghaeltacht na Gaillimhe ná go bhfuil an teanga á
creimeadh siar ón Spidéal, beagnach chomh fada le ceannáras TnaG. Cé
go bhfuil líon ard cainteoirí sa cheantar go fóill, tá an teanga
faoi bhrú anois ann. Is minic daoine ag clamhsán faoin gcuid sin de
chathair na Gaillimhe atá sa Ghaeltacht. Cé gur íseal an líon
daoine a labhrann an Ghaeilge go laethúil – 481 as 6,000 duine fásta
– tá an líon sin níos airde ná an Achréidh. Tá Bearna agus
Maigh Chuilinn faoi bhun 20% chomh maith.
An Mhí: Is
beag Gaeilge atá fanta i mBaile Gib. Is cúis iontais é nach bhfuil
ach 51% den phobal fásta ag labhairt na Gaeilge go laethúil i Ráth
Cairn.
Dún na nGall:
Na ceantracha le cósta ó dheas de Anagaire síos go Ard Rátha, is
ar éigean go bhfuil mórán níos mó Gaeilge á labhairt iontu ná
mar atá in áit ar bith sa tír. Thart ar Ailt an Chorráin, as 1,000
duine fásta ní raibh ach 56 a dúirt go mbíonn Gaeilge á labhairt
go laethúil acu. An scéal céanna sa Chlochán Liath agus i gCill
Cartha, gan ach duine fásta as gach seachtar ag labhairt na teanga go
laethúil. Tá creimeadh mór sa Ghaeltacht Láir. Ba dheacair
aitheantas Fíor-Ghaeltachta a thabhairt d’aon chuid dí. San
iardheisceart is é Teileann an t-aon cheantar le céadchodán os
cionn 40%. Tá an toghcheantar ina bhfuil Gleanncholmcille sách íseal
ag 33%, in ainneoin obair Oideas Gael.
Maigh Eo: I
dtuaisceart Mhaigh Eo níl ach ceantar amháin, thart ar Cheathrú
Thaidhg, ar féidir a áireamh mar cheantar Gaeltachta. I ndeisceart
an chontae, taobh ó dheas de Thuar Mhic Éidigh, tá greim áirithe i
gcónaí ag an nGaeilge thart ar Fhionnaithe. Tá a dhóthain Gaeilge
fós in Eachléim le gur fiú seans a thabhairt don cheantar. Tá sé
ar aon dul le Gaeltacht na Rinne. Ní labhrann ach duine fásta amháin
as gach 14 an teanga go laethúil i mBéal an Mhuirthid. Tá rian na
Gaeilge fós sa Chorrán ach tá Acaill go maith faoi bhun 20%.
Ciarraí:
Seachas Baile an Sceilg (23%), tá gach toghcheantar in Uíbh Ráthach
faoi bhun 20%. Ní labhrann ach 21% den daonra fásta sa Daingean an
teanga go laethúil. Tá na ceantracha i gCorca Dhuibhne a cuireadh
leis an nGaeltacht in aimsir Tom O’Donnell – an Clochán, Baile
Dubh agus Cnoc Bréanainn – chomh lag céanna le hUíbh Ráthach.
Corcaí: Níl
aon cheantar ar féidir Fíor-Ghaeltacht a thabhairt air i gCorcaigh.
Tá ceantar amháin, Gort na Tiobraid, a bhfuil roinnt Gaeilge á
labhairt ann ach is lagcheantracha iad an chuid eile. Tá Cill na
Martra faoi bhun 20%.
Port Láirge: Cosúil
le Corcaigh is Breac-Ghaeltacht í an Rinn, cé go bhfuil comharthaí
ann go bhfuiltear á labhairt le páistí. Tá Gaeilge á labhairt ag
52% de na gasúir réamhscoile 3-4 bliana d’aois i gcomparáid le
33% de na daoine fásta. Is beag Gaeilge atá sna bailte fearainn
breise a cuireadh leis an nGaeltacht i 1974.
|